An Poc Ar Buile (The Mad Puck Goat)

4 views

Lyrics

Ag gabháil dom sior chun Droichead Uí Mhóradha,
 Píce im dhóid 's mé ag dul i meithil,
 Cé casfaí orm i gcuma ceoidh,
 Ach pocán crón is é ar buile.
 Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
 Ailliliú, puilliliú,
 Ailliliú
 tá an puc ar buile!
 Do ritheamar trasna trí ruillógach,
 Is do ghluais an comhrac ar fud na muinge,
 Is treascairt do bhfuair sé sna turtóga,
 Chuas ina ainneoin ina dhrom le fuinneamh.
 Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
 Ailliliú, puilliliú,
 Ailliliú
 tá an puc ar buile!
 Níor fhág sé carraig go raibh scót ann,
 Ná gur rith le fórsa chun mé a mhilleadh,
 S'Ansan sea do cháith sé an léim ba mhó,
 Le fána mhór na Faille Bríce.
 Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
 Ailliliú, puilliliú,
 Ailliliú
 tá an puc ar buile!
 Bhí garda mór i mBaile an Róistigh,
 Is bhailigh fórsa chun sinn a chlipeadh,
 Do bhuail sé rop dá adhairc sa tóin ann,
 S'dá bhríste nua do dhein sé giobail.
 Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
 Ailliliú, puilliliú,
 Ailliliú
 tá an puc ar buile!
 I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna,
 Bhí an sagart paróiste amach 'nár gcoinnibh,
 Is é dúirt gurbh é an diabhal ba Dhóigh leis,
 A ghaibh an treo ar phocán buile.
 Ailliliú, puilliliú, ailliliú tá an puc ar buile!
 Ailliliú, puilliliú,
 Ailliliú
 tá an puc ar buile!
 

Audio Features

Song Details

Duration
03:11
Tempo
107 BPM

Share

More Songs by The Chieftains

Albums by The Chieftains

Similar Songs