Bánchnoic Éireann Ó

Lyrics

Beir beannacht ó m'chroí go tír na hÉireann
 Bánchnoic Éireann Ó
 Chun a maireann de shíolra Ír agus Éibhir
 Ar bhánchnoic Éireann Ó
 An áit úd 'narb' aoibhinn binn-ghuth éan
 Mar shámh-chruit chaoin ag caoineadh Gael
 'Sé mo chás a bheith míle, míle i gcéin
 Ó bhánchnoic Éireann Ó
 Ní fheicim a gcóraid ag gabháil sa taobh seo
 Ar bhánchnoic Éireann Ó
 Is ní fheicim a mbólacht á dtreorú chun féir ann
 Ar bhánchnoic Éireann Ó
 Ach bárca dá seoladh le forneart gaoth
 Agus farraigí móra go deo lena dtaobh
 Go bhfágathar fós mé i m'chóige féin
 Ar bhánchnoic Éireann Ó
 Scaipeann an drúcht ar gheamhar agus féar ann
 Ar bhánchnoic Éireann Ó
 Is tágaid ann úlla cúmhra ar ghéagaibh
 Ar bhánchnoic Éireann Ó
 Biolar agus samhadh i ngleanntaibh ceoigh
 Is na srutha sa tSamhradh ag labhairt ar nóin
 Agus uisce na Siúire ag brúcht ina shóghaidh
 Ar bhánchnoic Éireann Ó
 (Anne Cooke's translation)
 The Fair Hills of Ireland Ó
 Take a blessing from my heart to the land of Ireland
 The fair hills of Ireland Ó
 And to those alive of the seed of Éiriú and Heber
 The fair hills of Ireland Ó
 In that place where delightful were sweet voices of birds
 Like the tranquil gentle harp lamenting the Irish
 My sorrow to be miles and miles away
 From the fair hills of Ireland Ó
 I don't see their herds going along this way
 On the fair hills of Ireland Ó
 And I don't see their cattle being guided to graze there
 On the fair hills of Ireland Ó
 But ships being driven by violent winds
 With high seas forever at their sides
 May I be left in my own province yet
 On the fair hills of Ireland Ó
 The dew is scattered on cornfield and grass
 On the fair hills of Ireland Ó
 And fragrant apples grow on boughs there
 On the fair hills of Ireland Ó
 There is cress and sorrel in hazy glens
 And streams in summer speaking at noon
 And the Suir's water swelling into whirlpools
 By the fair hills of Ireland Ó

Audio Features

Song Details

Duration
06:32
Key
5
Tempo
78 BPM

Share

More Songs by 2002

Albums by 2002

Similar Songs