Sadhbh Ní Bhruineallaigh

Lyrics

Ní iarrfain de spré le Sadhbh Ní Bhruinneallaigh
 Ach baile Inis Gé is cead éaló ar choiníní.
 Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh,
 Comhairle do mháithrín, éalaigh is imigh liom.
 Is máistir báid mhóir mé ag dul ród na Gaillimhe,
 D'fhliuchfainn naoi bhfód is ní thógfainn aon fharraige.
 Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh,
 A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.
 Máistir báid mhóir go deo ní ghlacfaidh mé,
 Nuair a fhaigheann siad an chóir is dóigh nach bhfanann siad.
 Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh,
 Comhairle do mháithrín, éalaigh is imigh liom.
 Is máistir báid mhóir go deo ni ghlacfaidh mé,
 Nuair a fhaigheann siad an chóir is dóigh nach bhfanann siad.
 Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh,
 A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.
 Níl folach a cabhaile ar Shadhbh Ní Bhruinneallaigh
 Ach sean-chóitín donn gan chabhail gan mhuinchille.
 Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh,
 A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.
 Fear maith i mbád mé is togha fear iomartha,
 Fear sluasaid is lái ar dha cheann an iomaire.
 Óró, a Shadhbh, a Shadhbh Ní Bhruinneallaigh,
 A chuisle is a stóirín, éalaigh is imigh liom.

Audio Features

Song Details

Duration
03:12
Key
2
Tempo
150 BPM

Share

More Songs by Solas

Albums by Solas

Similar Songs