Bheadh Buachaillin Deas Ag Sile

Lyrics

Bheadh buachaillín deas ag Síle
 Dá bpósadh sí mé mar fhear
 Mharóinn an breac ar an taoide
 Is coinín ar an ndumhaigh chomh maith
 Ní iarfainn leí capall ná caoire
 Airgead buí ná geal
 Mar go mb'fhearr liomsa agam mar mhnaoí í
 Ná aon inion rí dar mhair
 Tá máithair gan taise ag Síle
 Is ní bhraitheann sí a croí rómhaith
 Tá sparán mór fada aici líonta
 Ag lorg talamh gan cíos le fear
 Chuma léi ard é nó íseal
 Ba chuma léi búi nó geal
 O ba chuma léi cam é nó díreach
 Ach bheith aige caoire is ba
 Ní mar sin mar mheasann mo Shíle
 B'fhearr léi mise na míle fear
 Mar is meidhreach sea sheinnfinn ar phíob di
 'S is greannta do rincfinn dreas
 Chuirfinnse i dtalamh na síolta
 Is bhainfinn arís thar n-ais
 'S nuair a thiocfainnse abhaile ní bhruíonfainn
 Ach ag reacaireacht grinn lem' shearc
 Tá mo mhargadh socair le Síle
 Is ní bhrisfeadh Éire ar fad
 Gan spleáchas dá máthair ná muintir
 Rachaidh sí chun cinn gan stad
 Pósfainn sa chathair an mhí seo
 'S an sagart á dhíol go maith
 Is ní dóichí go bhfanam sa tír seo
 Ach ag reachtaireacht síos amach

Audio Features

Song Details

Duration
03:12
Key
7
Tempo
107 BPM

Share

More Songs by Solas

Albums by Solas

Similar Songs