Bhean A Ti

Lyrics

Ó éirigí suas a thogha na bhfear
 Is cuirigí píce ar bharr gach cléith
 Leagaigí síos iad lucht an droch-chroí
 Agus cuirigí dlí na Fraince ar bun
 Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
 Ó bhean an tí, fá dhó nó trí
 Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach

 Tá jug ar an bhord is tá beoir ag teacht
 Tá arm go leor ag an Duke of York
 Tá an Francach is an Spáinneach ar bhruach na trá
 Agus b'fhearr liom go mór é ná cómhra ban
 Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
 Ó bhean an tí, fá dhó nó trí
 Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
 Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
 Ó shuigh mise síos 's mo mhian le m'ais
 Ag ól mo cháirt dí mar dheanfad fear
 Sé dúirt bean a' tí den chomhrá mhín
 Gan airigead síos bí gabháil amach
 Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
 Ó bhean an tí, fá dhó nó trí
 Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
 Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
 Ó tharraing mé aníos mo phíosa brac
 Nach mairg a bhíos gan é, mo chreach
 Do labhair sí arís go carthannach caoin
 Nach súifidh tú síos tá siamsa ar fad ort
 Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
 Ó bhean an tí, fá dhó nó trí
 Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
 Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
 Mo chreach is mo chrá nuair a bhí mé beag
 In aois mo dhá bhliain sular smaoinigh mé ar olc
 Nach ndeachaigh mé ar bord nó in arm an Rí
 Sular chaith mé mo shaol ag dul timpeall ort
 Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
 Ó bhean an tí, fá dhó nó trí
 Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
 Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
 Go mbristear mo dhroim faoin ualach seo
 Ma thigim arís ag cur buartha ort
 Is a mhéad bean óg as seo go hAbhainn Mhór
 A shiúlfadh an ród is a d'ólfadh deoch
 Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?
 Ó bhean an tí, fá dhó nó trí
 Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach
 Agus ó bhean an tí, cén bhuairt sin ort?

Audio Features

Song Details

Duration
03:45
Key
2
Tempo
199 BPM

Share

More Songs by Clannad

Albums by Clannad

Similar Songs