An Giobog

Lyrics

Bliain mhór sa taca seo
 Ba deas mo chulaith éadaigh
 Ba lúfar éadrom aigeanta
 A dhéanfainn bean a bhréagadh
 Ach shantaigh mise an ghiobóg
 Mar bhí cupla bó mar spré aici
 Is d'fhág sí ar an anás mé
 Is mo chraiceann gheal gan léine
 Má bhí culaith mhaith an uair sin ort
 B'fhéidir nár leat féin í
 Ní raibh tú pósta seachtain go raibh
 Fear na comharsa 'hiarraidh
 Dhíol tú mo chuid eallaigh
 Le sin agus tuilleadh réiteach
 Is d'fhág tú ar an anás mé
 Is gan snáithe orm san oíche
 A bhuachaillí, a bhuachaillí
 An méid agaibh atá gan pósadh
 Ná santaigí na giobógaí
 De réir mar a bíonn siad cóirithe
 Nó b'fhearr duit cailín glan agat
 A scuabfadh amach i gcónaí
 Ná luathra buí na seachtaine
 Á cur amach Dé Domhnaigh
 (Missing verse)
 Bliain mhór sa taca seo
 Ba deas mo chulaith éadaigh
 Ba lúfar éadrom aigeanta
 A dhéanfainn bean a bhréagadh
 Ach shantaigh mise an ghiobóg
 Mar bhí cupla bó mar spré aici
 Is d'fhág sí ar an anás mé
 Is mo chraiceann gheal gan léine

Audio Features

Song Details

Duration
02:24
Key
9
Tempo
105 BPM

Share

More Songs by Clannad

Albums by Clannad

Similar Songs