Dún Do Shúil

1 views

Lyrics

Dún do shúil, a rún mo chroí
 A chuid den tsaol, 's a ghrá liom
 Dún do shúil, a rún mo chroí
 Agus gheobhair feirín amárach
 Tá do dheaid ag teacht gan mhoill ón chnoc
 Agus cearca fraoich ar láimh leis
 Agus codlaidh go ciúin 'do luí sa choid
 Agus gheobhair feirín amárach
 Dún do shúil, a rún mo chroí
 A chuid den tsaol, 's a ghrá liom
 Dún do shúil, a rún mo chroí
 Agus gheobhair feirín amárach
 Tá an samhradh ag teacht le grian is le teas
 Agus duilliúr ghlas ar phrátaí
 Tá an ghaoth ag teacht go fial aneas
 Agus gheobhaimid iasc amárach
 Dún do shúil, a rún mo chroí
 A chuid den tsaol, 's a ghrá liom
 Dún do shúil, a rún mo chroí
 Agus gheobhair feirín amárach

Audio Features

Song Details

Duration
03:34
Key
2
Tempo
78 BPM

Share

More Songs by Altan

Albums by Altan

Similar Songs